Skip to main content

Ceardlanna oiliúna pobalbhunaithe agus ar líne saor in aisce maidir le ‘Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin’ ar fáil anois. _

Ceardlanna oiliúna pobalbhunaithe agus ar líne saor in aisce maidir le ‘Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin’ ar fáil anois.

Anois, níos mó ná riamh, tá sé ríthábhachtach go n-úsáideann daoine faisnéis chruinn iontaofa agus cinntí eolasacha á ndéanamh acu. Tá MLI agus EDMO Ireland ag cur oiliúint ar cheannairí pobail ar fud na hÉireann chun Ceardlanna ‘Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin’ a chur ar fáil chun cabhrú le daoine aonair, pobail agus institiúidí faisnéis iontaofa chruinn a aithint agus í a úsáid chun cinntí eolasacha a dhéanamh.

Féach ar an liosta imeachtaí seo agus faigh áit. Nó más fearr leat, cláraigh anois le haghaidh seisiún oiliúna saor in aisce leis an Dr. Ricardo Castellini da Silva, oideoir Litearthachta sna Meáin agus Taighdeoir Iardhochtúireachta le hInstitiúid DCU um Meáin, Daonlathas agus Sochaí sa Todhchaí (FuJo). Tá áiteanna teoranta mar sin ná fág i bhfad é!