Skip to main content

Leideanna

Tá faisnéis ag teacht chugainn as gach áit agus bíonn sé deacair anois agus arís a mheas chomh beacht nó chomh iontaofa agus atá an fhaisnéis sin.

Déan iarracht a leanas a dhéanamh maidir leis an méid a fheiceann, a léann nó a chloiseann tú chun a chinntiú go bhfuil an t-ábhar beacht agus gur féidir brath air – STOP / SMAOINIGH / SEICEÁIL.

Léim go:

Stop Smaoinigh Seiceáil

Stop

Léigh níos mó ná na ceannlínte.

Tá ceannlínte scríofa ar bhealach chun d’aird a tharraingt ach ní bhíonn an scéal ar fad tugtha iontu, agus ní féidir sin a dhéanamh i bpostáil ghearr ar na meáin shóisialta ach an oiread. Má shíleann tú nach bhfuil sé fíor, tá seans ann go bhfuil an ceart agat.

Ná glac leis go bhfuil an scéal ar fad á chur in iúl i bpictiúr ná i ngrianghraf.

Ní léargas ceart a bhíonn i bpictiúr i gcónaí. Tá sé an-éasca an tuairim mhícheart a bheith agat i ndiaidh duit féachaint ar phictiúr a bhfuil athrú nó fóta-eagarthóireacht déanta air, nó ar phictiúr a bhfuiltear á úsáid sa chomhthéacs mícheart fiú. Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar ghrianghraf nó ar íomhá chun an áit as ar tháinig siad a dhearbhú. Is féidir uirlisí mar Google Reverse Image Search a úsáid chun cuidiú leat íomhánna a dhearbhú.

Ní hionann íomhá mhearscaipthe nó íomhá a bheith ag treochtáil agus íomhá atá beacht.

Is féidir le bréagaisnéis a bheith curtha ar bhealach chun freagra sochorraithe a fháil ó dhaoine agus go spreagfadh sin iad leis an bhfaisnéis a roinnt nó le ‘is maith liom’ a thabhairt uirthi go tapa fad is atá uafás, bís, díchreideamh agus araile ar na daoine sin. Tá sé an-éasca faisnéis a roinnt go tapa le grúpaí móra daoine mar gheall ar na meáin shóisialta agus feidhmchláir teachtaireachtaí.

Smaoinigh

Smaoinigh go cúramach ar an bhfaisnéis agus céard le haghaidh í.

Chun sin a dhéanamh ní mór roinnt ceisteanna a chur ort féin. Cuirtear faisnéis i dtoll a chéile chun:

  • muid a chur ar an eolas faoi rud éigin (nuacht)
  • chun siamsaíocht a chur ar fáil dúinn (aoir, stiallchartúin, físeáin bharrúla)
  • muid a mhealladh (fógraíocht)

Féach ar stíl, tuin agus ar fhoinse na faisnéise chun cuidiú leat chomh mór agus is féidir brath uirthi nó chomh beacht agus atá sí a mheas.

Smaoinigh ar do chlaontacht féin

Fiafraigh díot féin – an gcuireann an fhaisnéis dúshlán romhat nó an bhfuil sí ag teacht le do chuid tuairimí féin? Is mó seans atá ann go gcreidimid faisnéis atá ag teacht leis na tuairimí atá againn féin – fiú má tá sí beagán amhrasach.

Is féidir le foirmlí mar algartaim cuntas a choinneáil ar an méid atá á léamh, á fhéachaint agus á chloisteáil agat ar líne agus moltaí a thabhairt duit bunaithe ar nithe a roghnaigh tú roimhe sin. Mar sin, d’fhéadfadh an fhaisnéis a chuirtear faoi do bhráid a bheith fíorphearsanta agus ní gá gur léargas é sin ar thuairimí ná ar bharúlacha níos forleithne.

Féach an bhfuil tuairisciú á dhéanamh ar an bhfaisnéis in aon áit eile

Mura bhfuil tú ábalta teacht ar an bhfaisnéis in aon áit eile d’fhéadfadh sí a bheith míchruinn, nach féidir brath uirthi nó gur seanfhaisnéis atá inti. Is fíor é sin go mór mór más rud é go bhfuil an fhaisnéis sin tráthúil nó go mór i mbéal an phobail.

Seiceáil

Féach go cúramach ar sheoladh an láithreáin

Ó am go ham faightear bréagaisnéis ar láithreáin gréasáin a bhfuil seoladh láithreáin (URL) acu atá an-chosúil le láithreán nuachta nó láithreán meán mór le rá. D’fhéadfadh sé nach bhfuil ann ach go bhfuil athrú beag déanta ar an URL. Má tá amhras ort, téigh chuig an láithreán ceart agus déan comparáid idir an dá URL.

Sa chás gur ar láithreán gréasáin nach n-aithníonn tú atá an fhaisnéis, cuardaigh an chuid den láithreán ina ndéantar cur síos ar an dream atá i mbun an láithreáin gréasáin agus faigh amach an t-údar go mbeadh faisnéis mar sin á foilsiú acu.

Faigh amach cé hé/hí an t-údar, an léiritheoir nó an foilsitheoir

Is cuidiú duit an té a chuir an fhaisnéis i dtoll a chéile a bheith ar eolas agat chun an chúis atá taobh thiar de a mheas. An é go bhfuil rud éigin le díol acu? Táirge, smaoineamh nó rud éigin eile? Má tá, cén fáth? An bhfuil an t-údar ag tacú le smaoineamh polaitiúil nó pearsa polaitíochta? An “tionchaire” atá san údar ar nós cuid de lucht Youtube? An dóigh go bhfuil íocaíocht á fáil acu ar an méid atá á rá acu?

Féach ar na mionsonraí, an bhfuil siad cruinn?

An bhfuil ciall leis na dátaí a luaitear? An bhfuiltear ag tagairt do shaineolaithe nach bhfuil ainmnithe? An bhfuil na naisc chuig foinsí an údair soiléir? Is iondúil go mbíonn faisnéis ó fhoinsí ar féidir brath orthu scríofa go maith. Mar sin, coinnigh súil amach do bhotúin agus d’abairtí aisteacha.

Cuir ceist ar na saineolaithe

Faigh tuairim eile. Is iomaí seirbhís saor in aisce atá ann chun fíricí a dhearbhú. I measc na bhfoinsí Éireannacha atá ann chun fíricí a dhearbhú tá theJournal.ie agus Factcheckni.org. Is aonad de chuid an Poynter Institute é an International Fact Checking Network, atá dírithe ar dhaoine ar fud na cruinne a mbíonn fíricí á ndearbhú acu a thabhairt le chéile chun dea-chleachtais agus babhtálacha sa réimse seo a chur chun cinn, agus a bhfuil cód prionsabal taobh thiar de.

FAIGH TUILLEADH CÚNAIMH

BÍODH TUISCINT AGAT AR NA MEÁIN – Tá go leor foinsí ann ó ar fud na cruinne chun cuidiú le daoine tuiscint a fháil ar na meáin.

Resources