Skip to main content

STOP / SMAOINIGH / SEICEÁIL – BÍODH TUISCINT AGAT AR NA MEÁIN _

Anois, níos mó ná riamh, tá sé ríthábhachtach go n-úsáideann daoine faisnéis chruinn iontaofa agus cinntí bunaithe ar eolas á ndéanamh acu – cibé an mbaineann na cinntí sin le cúrsaí sláinte, polaitíochta, eacnamaíochta nó aon ghné eile dá saol.

Faigh roinnt leideanna

FEACHTAS BÍODH TUISCINT AGAT AR NA MEÁIN

Tá an feachtas Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin deartha chun daoine a spreagadh le Stopadh, Smaoineamh agus Seiceáil go bhfuil an fhaisnéis atá á fáil acu, ó cibé foinse cruinn agus iontaofa.

I mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2023 , cuirfear an teachtaireacht Stop, Smaoinigh, Seiceáil ar fáil sna meáin chumarsáide in Éirinn agus beidh deiseanna ann trínár gclár oiliúna pobalbhunaithe chun níos mó a fhoghlaim faoi conas faisnéis chruinn iontaofa a aithint.

Is comhoibriú é ‘Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin’ idir réimse éagsúil ball de Litearthacht sna Meáin, Éire a chreideann gur féidir linn níos mó a bhaint amach nuair a oibrímid le chéile.

Scriosann mífhaisnéis muinín. Nuair a scriosann tú muinín, scriosann tú na naisc a choimeádann an tsochaí le chéile.
Laurence Overmire, The One Idea That Saves The World: A Message of Hope in a Time of Crisis

Tabhair cuairt ar Litearthacht sna Meáin, Éire