Skip to main content

Bí páirteach san fheachtas Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin 2023 _

Seolfar an feachtas Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin ar an 24 Deireadh Fómhair chun tús Sheachtain UNESCO maidir le Faisnéis agus Litearthacht sna Meáin Dhomhanda a cheiliúradh agus beidh sé ar siúl go dtí deireadh mhí na Samhna.
Tá Litearthacht sna Meáin, Éire ag iarraidh ar gach ball tacaíocht a thabhairt don fheachtas seo.

Tá sé d’aidhm ag an bhfeachtas aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le heolas a bheith agat chun faisnéis a dheimhniú; leideanna agus treoir a chur ar fáil faoi mar is féidir leat cruinneas agus iontaofacht na faisnéise a sheiceáil, agus daoine a threorú chuig foinsí breise tacaíochta agus oiliúna.

Tá Clár Traenála Pobail Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin ina chuid ríthábhachtach d’fheachtas na bliana seo. Forbraíodh an clár i gcomhar leis an bhFaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha in Éirinn agus beidh sé ar siúl le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna. Leis an gclár nua seo, táthar ag súil go dtraenálfar agus go n-uasoilfear níos mó ná 100 leabharlannaí, cóitseálaí agus ceannaire pobalbhunaithe chun na ceardlanna Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin a chur ar fáil ina bpobail féin ar fud na tíre i mBéarla agus i nGaeilge. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Traenáil – Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin

Chomh maith leis an gclár traenála pobalbhunaithe, tá sraith imeachtaí beartaithe freisin – coinnigh súil amach ar imeachtaí Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin – Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin chun tuilleadh eolais a fháil.

TEACHTAIREACHT BÍODH TUISCINT AGAT AR NA MEÁIN A SCAIPEADH

Ón 24 Deireadh Fómhair, beidh fógraí Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin á gcraoladh agus ar fáil ar na cainéil ar líne – a bhuí leis an tacaíocht ó bhaill Litearthacht sna Meáin, Éire, beidh an ghairm chun gnímh Stop, Smaoinigh, Seiceáil le cloisteáil ar fud na teilifíse, an raidió agus i bhfoilseacháin nuachta ar fud an phobail, na seirbhísí tráchtála agus pobail agus na meán sóisialta – i nGaeilge agus i mBéarla.

Chun cuidiú leis an scéala a scaipeadh, íoslódáil an Pacáiste Tacaíochta Meán Sóisialta Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin agus cuidigh linn an teachtaireacht ‘Stop, Smaoinigh, Seiceáil’ a scaipeadh trí na nithe seo a leanas:

Tá réimse de bhaill Litearthacht sna Meáin, Éire, EDMO Ireland, The Journal agus TikTok ina measc ag comhoibriú freisin timpeall an téama Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin, mar sin éist agus coinnigh súil amach le haghaidh díospóireachtaí faoin teachtaireacht Stop, Smaoinigh, Seiceáil ar do stáisiún raidió áitiúil agus ar chainéil TikTok.